School: Loch an Iubhair (roll number 16829)

Location:
Loch an Iúir, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 401

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 401

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch an Iubhair
  2. XML Page 401
  3. XML “Eachtra Chlann Rí na hIoruaidhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    m’fhocal ríoghamháil duit, má chuidigheann tú liom-sa an íoc-shláinte atá ag d’athair a fhagháil, go gcuideochaidh mise leat na geasa atá ar d’fhear a sgaoileadh” ar seisean.
    “Siubhal leat” ar sise.
    D’imthigh an bheirt le chéile agus níor stad siad go rabh siad ag teach a h-athara rí na Foraoise.
    “Gabh isteach annseo agus iarr buaidh na Foraoise” ar sise.
    Chuaidh sé isteach agus d’iarr buaidh na Foraoise. Shín an rí tuagh dó as a láimh
    “Gabh amach anois, agus bain slís de’n chrann sin amuigh” ar seisean.
    Chuaidh sé amach; agus an cheud shlís a bhain sé anuas thuit sí ar an talamh agus d’fhás crann i n-áirde aisti a bhí comh ramhar leis an chrann a bhí sé a bhualadh. Bhuail sé slís eile anuas agus d’fhás crann eile an dóigh cheudna go rabhthar ‘á cheangal istoigh fá dtaobh de’n chrann. Tháinic sise isteach annsin ‘fhad leis agus sháith sí a naprún faoi’n t-slís agus thug sí dó i gcúl a dhuirn í.
    “Gabh isteach anois” ar sise “agus tá buaidh na Foraoise leat”
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Proinnsias Óg Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Proinnsias Mac Grianna
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal