School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scarann Boichtíneacht cuideachta mhaith ó chéile
Bhí fear uasal 'n-a chomhnaidhe uair amháin i gConndae an Dúin. Bhí caislean agus feirm mhór talaimh aige. Ní raibh de chloinn aige ach aon inghean amháin. Bhí garrandóir ag obair ag an duine uasal agus ní raibh aige de theaghlach ach aon mhac amháin. Bhí siad 'n-a gcomhnaidhe ar fhód an bhealaigh mhóir agus ba' ghnáthach le bean an gharrandóra, lóisteóirí a chongbhailt, i gcomhnaidhe. Bhí inghean an duine uasail ag mac an gharrandóra fá thuairim aoise a chéile.
Nuair a chuaidh an bheirt pháisdí seo 'n-a scoile ba' ghnáthach lesi an duine uasal a inghean a thiomáint 'n-a scoile gach uile lá i gcarr. Chuaidh seo ar aghaidh go raibh an ghiorsach deich mbliadhna de aois. Annsin cheannuigh sé carr úr dithe fhéin, agus bheireadh an ghiorsach mac an gharrandóra 'n-a scoile gac maidín sa charr agus 'n-a bhaile araist tráthnóna.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal