School: An Tor
- Location:
- An Tor, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Monagail

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 55
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tor
- XML Page 55
- XML “Oíche na Marbh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an tsean am oidhche na marbh, ba ghnáth leis na sean daoiní pota brúightín fhágail fá choinne na marbh. D'fhágfadh siad sponóg san pholl agus im as bainne fá na gcoinne. D'éireochadh siad arís ins an mheadhoin oidhche go ndeárfadh siad an paidrín dó na mairbh mar bheadh siad ag mheas gur sin an tam a bheadh siad ar a gcois.Oidhche Fhéil Eoin
Oidhche Fhéil Eoin ins an t-sean am ba ghnáth leis na sean daoiní teinidh mhór a chur amach. Annsin d'éarfadh siad an Paidrín thart cúpla uair ar an teinidh. Annsin nuair a bhéadh an teinidh chomhair bheith gabhail as bhéarfadh siad leobhtha smután dearg amach as an teinidh. Rachadh siad thart ar a gcuid talamh leis agus deirtear go mbeannóchadh sin an talamh. Coinnbhuightear an oidhche sin i n-onóir Eoin Baisde.Urnaighthe
Luighim ar an leabaidh seo i mbháis codhlata. Ó Dhia bhéaram m-anam duit, coinnigh anois é coinnigh arais é. Ó Dhia coinnigh choidhche é. Ceithre coirneál go rabh ar mo leabaidh-sa ceithre h-aingle go rabh scartha. Dia go rabh amuigh agus Dia go rabh astoigh. Dia agus Íosa Críost go rabh fá dtaobh dén teach seo. Má tharann dadaidh orm agus mé mó chodladh Maighdean muscal mé. Muire sa aingle cuidigh liom. Ó Dhia bhéaram mó anam duit.
Síntear mé sa leabaidh seo mar shintigh mé sa n-uaigh, Íosa bhí ag mo bhonnaí, Mac Dé bhí ag mó cheann. Teachtaire Dílis atá i n-ionad Íosa bhí agam i n-am go dtéigh ola(continues on next page)- Collector
- Cathal Mac Giolla Easpaig
- Gender
- Male
- Informant
- Mairghead Nic Giolla Easpaig
- Gender
- Female