School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 001
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Fad ó shoin bhí gabha 'na chomhnuidhe suas i mbárr ghaoth barra. Ní raibh aige ach é féin agus a mhathair, bhí an mhathair ag eirghe aosta agus d'iarr sí air a ghabhail amach agus bean a phósadh.”
Fad ó shoin bhí gabha 'na chomhnuidhe suas i mbárr ghaoth barra. Ní raibh aige ach é féin agus a mhathair, bhí an mhathair ag eirghe aosta agus d'iarr sí air a ghabhail amach agus bean a phósadh. Rinne sé mar hiarradh air. Ní raibh ag an mnaoi nua a fuair sé ach a mathair fosta agus thainig siad uilig le comhnuidhe ina thig sin. Ní raibh an suighthe sa phota ariam go dtí seo no throid na sean mná ó mhaidín go hoidche agus go minic, minic ó oidhche go maidín.
Lá amháin thainig fear beag ribeach ruadh isteach sa cheardta chuig an ghabha. Fear beag éagsamhail a raibh bríste gorma agus casóg dhearg air.
Cuir sé ceist ar an ghabha "an gcuirfeadh sé péire cruithteac [?] ar bheathach leis i mbarach". Dubhairt an gabha "go gcuirfeadh go cinnte".
Tráthnóna lá thar na bharach cia thainig leis an bheathach ach an fear beag ribeach ruadh. Thainig sé isteach na ceardta agus cheangal an beathach thíos ag bun an urláir mar is gnathach. Thainig sé aníos annsin agus ghlan thart fan teallach agus sguab amach an teach. Chuaidh sé síos annsin agus ghearr sé na ceithre cosa den bheathach, chaith isteach sa teine iad agus thoisigh shéideadh na mbuilg ar theann a dhicheall(continues on next page)- Informant
- Aodh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Machaire Chlochair, Co. Donegal