School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 116
- XML “Cailleach Órus”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Coileach Órus
Bhí fear agus bean ann uair amháin Bhí sé teacht cóngarach de lá nodhlag agus bhí gréasan bainín aca le sníomh agus le cárdal agus le culaith bhéith deánta ar an fhear lá nodhlag de'n bhainín. Bhí an bhean i lár an anáis ní raibh fhios aicí caidé mar gheobhadh sí seo deánta. Tháinig bean sidhe isteach aicí lá amháin agus d'fhiafraigh sí díthe caidé bhí cur bhuaidheartha uirrthí. D'innis bean a' toighe a sgeul dí. Bhéarfaidh mise liom é arsa an bhean t-sidhe agus béidh sin uilig deánta agam fa do choinne la nodhlag ma bhíonn tú ábalta innse domh an lá sin ce'n t-ainm a bhéas orm acht muna raibh coinneochaidh mé féin uilig é. Thug sí léithe an greásan agus bhí bean a' toighe cómh h-olc agus bhí sí ariamh nach ní raibh fhios aicí ce'n t-ainm bhí ar an bhean t-sidhe. Chuaidh sí fhad le cailleach na gcearc an oidhche sin agus d'innis sí a trioblóid dí 'nois arsa an chailleach le coim na h-oidhche gabh go dtí an(continues on next page)- Informant
- Máire Ní g Cionnlaoi
- Gender
- Female