School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 233
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.”
ScéalBhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht agus ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.
Bhí carr agus asal ag an fhear agus nuair a bhainfheadh sé lód thugadh sé isteach ‘na bhaile mhóir é.
Bhí sé lá amháin ag baint sa choillidh agus tháinig fear galanta chuige. D’fiafruigh sé dó an rabh nighean ar bith aige. Dubhairt seisean go rabh triúr.
“Bhal, ma chuireann tú an bhean is sine aca chugam-sa imbárach, bhéarfhaidh mé lán do charr de phingeacha duit uirthí”.
“Maith go leór” ars an fear. Tháinig sé na bhaile agus dubhairt sé, “Bhéarfhaidh mé í seó liom imbárach le cuidiú liom, is mo a bhainfhidh muid ar mbeirt”.
Rinne an bhean a ba sine de na nighneacha réidh lá thar na bhárach agus bhí sí leis. Tháinig an fear uasal fa na coinne. Thug sé lán carr de phingeacha de’n athair agus chuaidh sí leis.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal