School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 284
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí maighistir ann aon uair amháin agus rinne sé buachaill a fhastódh. Thug sé tuarastal triúr fear do'n bhuachaill 7 bhí aige le cuid bidh triúr a ithe.”
Sgéal.Bhí maighistir ann aon uair amháin agus rinne sé buachaill a fhastódh. Thug sé tuarastal triúir fear do'n bhuachaill agus bhí aige le cuid bidh triúr a ithe.
Lá amháin chuaidh an bheirt aca un’ an aonaigh. Cheangal siad na capaill ar shráid an mhargaidh agus d’imthigh achan nduine aca a chasan fhéin.
Fá cheann tamaill casadh ar a chéile arís iad agus thug an maighistir leath-choróin do’n bhuachaill, agus d’iarr sé air a chuid a cheannacht agus an briseadh a thabhairt do arís. Acht cheannuigh an méid a thiocfhadh leis, leis an leath-choróin, agus chaith sé deireadh.
Chuaidh an maighistir isteach i dteach, an áit a rabh cuid mhór fear eile cruinnighthe. D’amharc duine aca amach ar an fhuinneóig agus chonnaic sé fiche agus a h-aon turcaigh amuigh san gharradh. Thoisigh siad ag cuir gealltaí le na chéile nach mbeadh siad abalta duine a fhághail a d’íosfadh na turcaigh uilig. Chuir an maighistir(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Age
- 13