School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 404
- XML “Scéal - Mac an Bhaill Dhuibh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus bean ann fad ó shoin. Bhí mac amháin aca agus d'imthigh sé leis a shaothrughadh a chodach agus ní rabh fhios aca cá rabh sé. Lá amháin bhí an t-athair amuigh 'san gharrdhadh agus chonnaic sé cóiste ag tarraingt air agus tháinig fear amach as agus thoisigh sé a chaint leis.
Bhí cuid mhór crann ins an gharrdhadh agus bhí crann amháin cam ann. Chuir an fear ceist ar an t-seanduine cad chuige ina rabh an crann sin cam. Tá ar seisean níor cheangail mé suas díreach é nuair a bhí sé ag fás ina óige.
Chuir fear an chóiste ceist air, an rabh teaghlach ar bith aige. Dubhairt seiseann go rabh mac amháin aige acht gur imthigh sé leis i mbéal a chinn agus ná'r chuala sé iomrádh ar bith níos mó air.
I n-aithneóchtha an mac sin dá bhfeictheá é. Dubhairt sé nach n-athneóchadh acht go rabh ball amháin ar láimh a mhic agus is cuma cia'n áit ina bhfeicfeadh sé é go n-aithneochadh sé é.
Bhain fear an chóiste de a chóta agus ar seiseann, "an é sin an ball a bhí ar do mhac"? "Sin an cineál marc a bhí air", arsa'n fear.
Is mé do mhac agus agus is mé an gaduidhe is mó ar an domhan. Nuair a chualaidh an t-athair seo bhí sé iongantach buadhartha.
D'iarr sé air a theacht leis go dtí an teach agus(continues on next page)- Collector
- Sorcha Nic Pháidín
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Chorrmhín, Co. Donegal
- Informant
- Eibhlín Nic Paidin
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- An Chorrmhín, Co. Donegal