School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 411
- XML “Paróiste Ghaoth Dhobhair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bfheárr agus a badh áirde 'san díoghóise.
Dóigheadh an séipéal a bhí 'san pharóiste roimh ré, teach beag ceann tuighe, san bhliadhain 1858, acht ní bhuaras amach ariamh caidé badh siocair de. Is dóiche gurab é taisme ná faillighe a badh chionntuighe leis.
Bhí an Bun Beag iongantach Gallda 'san am - agus leoga go fóill i gcúrsa na teangan - agus bhí buachaill siopa, i siopa mór an Bhun Bhig, darbh ainm "Johnnie Beattie" agus bhí cuid de na daoinibh ag cur síos gurab é a chur teach an phobail ar theine. D'imthigh sé amach as an Bhun Bheag ins an am agus creidim gurab é sin an fath ina rabhthar ag fágail an mhilleáin air. Measaim nach rabh a' dhath ag "Johnnie" bocht le déanamh leis gidh go rabh sé ina Gall Dhubh agus é anuas go mór ar na Catoilicighibh.
Tá cunntas eile fá dtaoibh de'n dóigheadh seo, agus is í baramhail an iomad daoine gurab é mar seo a thárlaigh sé.
Roimh seo phosaidh na lánamhna ins an oidhche agus rachadh na cóisirí uilig chun an tséipéal leis an lánamhain. Cruinneóchadh an t-aos óg nach rabh cuireadh ar bith aca go teach an phobail fosta leis an phosadh a fheiceáil, ná bhí na daoine iongantach bunadhasach 'san am, agus dhéanfadh siad an lánamhna a chuideachtughadh chun an bhaile.
Bhí gléachas i dteach an phobail, ceann gan fána, agus rachadh an mhuinntear míofháilteach seo suas air agus d'fhanóchadh siad annsin go mbeadh gach rud thart.- Collector
- Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir