School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus bean ann agus bhí bó aca. Bhí féar ag fás thuas i mullach an tighe. Ní rabh fhios aca caidé an dóigh a mbainfeadh siad an féar. D'iarr an bhean air an bhó a chur suas ar an teach agus go n-íosfadh sí an féar. Dubhairt an fear gurbh 'é sin an dóigh a b'fearr.
Tráthnóna amháin thoisigh an fear ag cur suas na bhó ar mhullach an tigh, acht ní rabh sé ábalta í a chur suas. Bhí an bhean ag coimead air agus d'iarr sí air leigint dí. Tháinig bean thart agus chuir sí ceist air caidé a bhí sé a dhéanamh. Dubhairt seisean go rabh sé ag iarraidh an bhó a chur suas ar an teach. D'iarr sise air gan a bheith leath comh h-amaideach agus a bhí sé.
D'iarr sí air corrán a thabhairt leis agus an féar a bhaint agus é a chaiteamh anuas ag an bhó. Rinne an fear mar a h-iarradh air. Thug sé leis an corrán agus chuaidh sé suas ar an teach, bhain an féar agus chaith annuas ag an bhó é.
Bhí an fear an bhuidheach dí ná shábháil sí cuid mhór oibre dó. Ní smaointeochadh an fear seo corrán a thabhairt leis, leis an fhéar a bhaint.- Collector
- Sadhbha Ní Baoighill
- Gender
- Female
- Address
- Srath na Bruaí, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 43
- Address
- Srath na Bruaí, Co. Donegal