School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 430
- XML “Scéal - An Bhean agus a Beirt Mhac”
- XML “Scéal - An Fear Amaideach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'imthigh an mháthair chuig an t-sagart arais agus d'iarr sí air a theacht go bhfuair an gasúr eile bás. Tháinig an sagart, agus bhí an dá easbol leis. Bhí siad ag urnaighe as cionn an ghasúir acht ní rabh siad ábalta é a dhéanamh beo.
Dubhairt an sagart go gcuirfeadh sé aifreann leis. Nuair a bhí an sagart ag toiseacht ar an aifreann an Domhnach seo, nocht an gasúr a fuair bás aníos ag bun na h-altóra, agus d'iarr sé ar an t-sagart gan a bheith ag rádh aifreann ar bith leis, nach go rabh sé síos i bpiantas ifrinn. Stad an sagart ansin. - Bhí fear amaideach ann fadó agus chuaidh se amach a baint adhmuid. Tháinig sé go dtí áit a rabh abhainn. Bhí crann ag fás ar thaobh amháin de'n abhainn agus géag ag fás treasna na h-abhna. Dar leis féin gur sin géag bhreág le baint. Chuaidh sé suas agus shuidh sé amuigh ar imeall an ghéag agus thoisigh sé a ghearadh.
Tháinig fear eile thart agus dubhairt sé. Nach bhfuil fhios agat a amadáin nuair a ghéarfas tú an géag sin go dtuitfidh tú féin agus é féin agus an tuaidh isteach 'san abhainn. Níor leig an t-amadán air féin go rabh sé ag(continues on next page)