School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acht níor dheist, (d’iar) acht choimhead sí an t-arán, go rabh sé bruighte agus annsin tháinig an t-sean bhean aníos agus dubhairt sí go ndeánfadh sin gnoithe. Bhí sí ar shiubhail bliadhain annsin, agus an lá a bhí sí ag dul na bhaile, ní ghlacfadh sí airgead ar bith, acht chuaidh sí amach agus thug sí leithe sean chruith bheathaidh, agus grápa, agus bhuail sí ar chloch a bhí taobh amuigh de’n doras, agus d’éirigh an bheirt deichibhear leithe na bhaile. Ní rabh siad i bhfad go dtáinig coraidh uirthí, cionnus airgead a bheith ag an dheichibhear na rabh go maith, d’imthigh siad agus bhuail siad an ghirrseach, agus bhain siad an t-airgid duithe.
Nuair a fuair an ghirrseach an bheirt ar shiubhal, d’imthigh sise an aithirghe. Bhí sí sa bhaile roimhe an bheirt eile. D’innis sí do ná mathair é, agus nuair a tháinig an bheirt eile, chuir an mhathair ar shiubhal iad. Bhí dóigh bhreagh ar an mhathair, agus ar an inghean eile ó sin amach.- Collector
- Brighid Ní Cholla
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Nóra Ní Cholla
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- An Charraig, Co. Donegal