School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 473
- XML “Scéal - An Rí agus Triúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar sin fosta. Chuaidh sé suas go dtí an gé, fuair sé ar a dhruim. D’imthigh an gé mar an ghaoth, agus d’fhág sí (a) ins an gharramh ins an domhan thoir é. Bhain sé lán mála d’imthigh sé isteach i caisleán, agus bhí siad uilig ná gcodhladh, agus thug sé leis ór, agus airgead. D’imthigh sé ar a dhruim an ghé, agus shroich sé an teach a rabh an fear a bhí dhá chead bliadhain, agus thug sé ceann de na h-ubhlaí do, agus d’éirigh sé óg arís. D’imthigh sé leis arís, ag tarraing ar an fhear a rabh chead.
Chuir seisean ceist air an bhfuaidh sé an t-ubhall. Dubhairt seisean go bhfuair sé go leór aca. Thug sé ceann aca dó fosta, agus bhí seisean óg annsin. D’imthigh sé leis tarraingt ar an bhaile. Bhí sé (?) turrseach agus (bí) luig sé ar an mhála agus thuit sé na codhladh. Tháinig an bheirt eile agus dhá mhála ubhallaí leobhtha. Thug siad leobhtha mála na ubhallaí maith agus rann siad iad.
D’fhág siad mála ná ubhallaí olca, ag an mhac amaideach. D’imthigh an bheirt eile agus luthgháir mhór ortha. Nuair a mhusgail an fear amaideach, ní rabh aige acht mála ubhallaí olca. Bhí buaidhreadh air, agus d’imthigh chun an na bhaile, agus chuir a athair ceist, amach é agus ní rabh sé i bhfad amuigh go dtáinig cóiste, go dtí an teach, agus tháinig Ríogh(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Baoighill
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Maighread Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 41
- Address
- An Charraig, Co. Donegal