School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Connall Ó Bhaoighill ina chonnuidhe ins na Rosaibh, agus oidhche dá raibh sé amuigh casadh sluagh sidhe air, agus iad ag dul suas go Connachta le cailín doigeamhail a bhí ann a thabhairt leo anuas go Dún - na - Séad mar ar chomhnuigh siad. Mar nac dtiocfadh leo an cailín a tabhairt leo gan duine saoghalta bheith ar mhuin an chapaill leithe, thug siad leo Connall suas.
Chuir siad an cailín ar is, chúlaibh Chonall, agus phill sé na bhaile. Bhí a chluasa fosgailte ag Conall óir is breág an cailín í. Má tá taitneamh aige díthe, níl aige (díthe) ach fáinne a ghearradh daoithe, agus ní bheadh de chomhacht ag aonduine againne baint léithe.
D'fan Conall go rabh sé ar ins na Rosaibh agus nuair a fuair sé faill air na daoine beaga geárr sí fáinne thart air féin agus ar a gcailín ach sul a rabh an fáinne deánta aige, bhfuil, buail duine de na daoine beaga an cailín le sloartín draoidheachtha agus d'fhág bodhar balbh aige í.
An t-Samhain a bhí ann agus bhí sí annsin agus gan focal aicí go Samhain dar gcionn. Oidhche Shamhna d'imtigh Conall go Dún na Séad ag súil go gcluinfeadh sé rud éigin a léigheasfadh an cailín. Níorbh fhada ann é(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Pháidín
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Informant
- Caitlín Nic Gaoithín
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- An Chorrmhín, Co. Donegal