School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Ghréasuidhe agus a bheirt ingeanach.Bhí gréasuidhe ann fad ó shoin, agus bhí beirt ingheanach aige. Bhí bean aca a bhí iongantach millte, agus fallsa, agus ní deánfadh sí dath ar bith, agus bhí an t-athair iongantach olc de’n bhean eile.
Lá amháin cuir sé amach a chruinnuighadh sméar dubh, agus bhí an lá iongantach fuar. Nuair a bhí na sméara uilig cruinnighe aicí, casadh teach uirtí, agus chuaidh sí isteach ann. Bhí trúir fear na shuidhe thart ar an teine. Is cosamhal go rabh an ghirrseach seo iongantach gránda. Dubhairt na fir léithe go rabh trí nídh aicí le deánamh agus mar ndeánfadh sí go bfásfad féasóg uirtí comh fada le gabhar. D’iarr an chead fhear uirtí an t-urlár a sguabadh agus rinne sí sin, d’iarr an dara fear uitrtí na soithig a nighe agus rinne sí sin, d’iarr an triochamh fear uirtí pota uisge a chuir ar an teine, agus rinne sí sin.
Dubhairt siad léithe go mbéadh sí ar chailín comh deas (as) is bhead ar an domhan. Annsin d’imthigh sí chun an bhaile, agus bhí na sméara léithe. Nuair a bhí sí ag tarraingt ar an bhaile, bhí an bhean eile amuigh ins an doras, agus (níor) ní mó nó gur(continues on next page)- Collector
- Anna Nic Aodhachain
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Chorrmhín, Co. Donegal
- Informant
- Caitlín Nic Aodhachain
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- An Chorrmhín, Co. Donegal