School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 504
- XML “Scéal - An Bhean Ghlas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Bhean Ghlas.Bhí fear uasal ann fad ó shoin agus bhí truír mac aige agus feirm mór talaimh fosta. Bhí an fhairrge ag teacht air. Rinne an fear a ba seine de na mic claidh leis an fhairrge a choinneáil amach ón talamh. Lá ar na bhárach an cliadh a bhí deánta bhí sé leagtha go talamh.
Dubhairt an dara fear go ndeánfadh seisean claidh eile rinne sé é agus lá ar na bhárach bhí sé leagtha go talamh arís. Dubhairt an fear a ba óige go ndeánfadh seisean claidh eile anois. Rinne sé teach beag thíos ag a thaoibh. Shuidh sé go maidin a gcoimhead agus deich gárda aige.
Shuidh sé ag imirt leis féin. Chá rabh i bhfad go bhfacaidh sé bád caol dubh ag teacht isteach agus an bhean dheas ina suidh ins an deireadh. Tháinig sí isteach chuige. D’fiafruigh sé dí an an n-imreochadh sí cluiche dubhairt sí leis go n-imreochadh. D’imir siad cúpla cluiche amháin annsin dubhairt sí leis go n-imreochadh siad cluiche amháin eile agus dubhairt sí leis an té a bhainfeas an cluiche go gcaithfeadh sé an duine eile a chuartughadh roimhe lá agus bliadhain nó go gcaillfeadh sé a cheann annsin dimthigh sí ar ais chun an bháid chaol dhubh.(continues on next page)- Collector
- Sádhbha Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Srath na Bruaí, Co. Donegal
- Informant
- Seosamh Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Srath na Bruaí, Co. Donegal