School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 540
- XML “Scéal - An Bhean agus A Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag troid.
Lá thar-ná-bhárach cuaidh sé go dtí an caisleán thug leis capall agus d’imthigh go dtí an troid agus bhí sé ag troid. Rith an lae agus bhí an bhuaidh leis ag an oidhche. Chuaidh sé chun na bhaile agus níor lig sé a ghath air féin.
An tríomadh lá chuair sé go dtí an caisleán agus thug leis capall agus chuaidh sé go dtí an (caislean) troid, agus marbh sé an phéist an lá seo. D’imthigh sé annsin agus ní rabh fhios (aige) ag duine ar bhith cé é féin agus ní rabh fhios ag inghean an Righ cé é féin.
Bhí butais ag inghean an Righ agus dubhairt sí nach rachadh sí ar duine ar bhith acht ar an cé a mharbh an phéist.
Cruinniughaidh na daoine uilig agus ní rachadh an bhutais ar duine ar bhith acht ar an gasúr seo Bhí iongantas ar na daoine uilig nuair a chuala siad gur badh an gasúr a mharbh an phéist. Pósadh é féin agus inghean ar righ lá thar-na-bhárach, bí bainnis aca a mhair bliadhain agus lá.
Bhí dóig maith ar an ghasúr ina diaidh sin agus chuir sé cuid mhór airgid chuig na mhathair.- Collector
- Caitlín Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- An Luinnigh, Co. Donegal