School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 006
- XML “Tomhais”
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh lacha dhubh agus lacha bhán suas na chnuic. D'fhan an lacha bhán thuas agus tháinig an lacha dhubh anuas.
Fr. Uibh. - Fear gan píopa fear gan sgíste.
Is olc an cú na fiú fead a dhéanamh air.
Ní la na gaoithe lá na scolb.
An té a bhuailtear ins an cheann bíonn an eagla air.
Is fearr cleas amhain maith ná lán mála de chleasanna gan mhaith.
Tús maith leath na h-oibre.
Ceannaigh sean rud agus bí gan aon rud.
Bíonn an fhírinne í féin searbh.
Cuir smacht ar do leanbh ina óige.
Glór mór i gceann beag.
Is maith an t-annlan an t-ocras.
An té nach mbíonn ciall aige bhéarfaidh an saoghal ciall do.
An té bhíos bréagach bíonn sé bradach.
Ná mol is ná cáin tú féin.(continues on next page)