School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 139
- XML “An Bacán Bearaigh”
- XML “Colm Cille agus an Fear Déirce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhéal labhairfeadh Íosa leis agus chaithfeadh se an plaic a chathamh uadh. Gach uile áit ar chaith Peadair amach greim d'fhás bocan bearaigh.
Chonnaic an diabhal seo agus chaith sé féin amach plaic agus d'fhás bacann as greimeanna an díabhail fosta agus bhi siad níos deise agus níos deirge no cuid Pheadair, ac bhi nimh ar chuid an Díabhail. - Bhi Colmcille i n-a chomhnuidhe i nDún-na-nGall i dTír Chonaill agus tháinig lá deas te gréine agus chuaidh Colm amach a chur uisce ar a chuid bláth. D'fhág sé an cailín aimseara ag déanamh réidh tuirtín aráin choirce ag an tábla. Tháinig fear bocht go dtí an doras agus d'iarr sé déirc ar an chailín agus dubhairt sise leis nach rabh ordú aicí déirc ar bith a thabhairt uaithe de thairbhe a maighistre. D'íarr sé cnág de'n taosg uirthí agus thug sise sin dó.(continues on next page)