School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 141
- XML “Colm Cille agus an Fear Déirce”
- XML “An Sagart agus an Cat Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsin dubhairt an fear bocht, "Is luth an reathaigh 'sa ghruaidh ar dhath an druithle fhad a's bhéas grían fhlaitheamhnais ar an aer chá dtéid fíal go hIfreann."
Annsin thug sé mála do Cholmcille agus d'íarr sé air an mála a chrochadh i gcúl an dorais agus ca bith duine bocht a thiocfadh go dtí an doras a rádh leis a lámh a chur sa mhála agus ce bith a gheobhadh sé ann a thabhairt leis. Is é Ceárrbhach is mó a fuair ann ariamh bhi sé ag imirt cárdai agus d'imir sé a chuid airgid uilig. Smaoinigh sé ar mhála Cholm agus tháinig sé go dtí an mála agus fuair sé bonn déich-bpighinn ann. Thug sé leis an bonn agus bhain sé iomlán a chuid airgid féin arais. - Bhi bean ann aon uair amháin agus bhi sí i n-a cómhnuidhe go saidhbhir agus bhi teaghlach aicí. Bhi sí gallda. Thigeadh sagart ar cuairt chuici go minic. Oidhche amháin rinne sí amach go(continues on next page)