School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 210
- XML “Gasúr an Bhearnais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le h-amharc air.
"Gasuir," arsa O Dómhnaill indiaidh suidhe ar saoisteóig, "Ca bhfuil d'áthair."
"Tá sé ar an bhaile mhór," arsa gasur an bheárnais.
"An bhfuil dochar a fhíafruigh caidé a ghnoithe ann?" arsa O Dómhnaill.
"Maise níl la dochair ann," arsa gasur an bheárnais. "Tá sé ag baint na tuighe de n-a theach féin agus dá chuir ar thigh na cómhursan."
"Diabhal mé gur congantach an ealadhain atá air" arsa O Dómhnaill. "Ach a ghasúir a beárnais ní thuigim brígh do chuid briathra."
Maise mas díamhair is fíor," arsa'n gasúr."Tá sé ar an bhaile mhór le seachtmhain ag ól agus fágann sin go bhfuil sé dá fheannadh féin le croiceann slim sleamhain a chur ar lucht na dtighthe leanna."
"S'fíor dhuit," arsa'n breitheamh. "Cá bhfuil do mháthair?"
"Tá sise ar an bhaile mhór fosta," arsa'n gasúr.
An dó'n mhúnadh a fhíafruigh caidé(continues on next page)- Collector
- Dómhnall O Dochartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Mín Doire, Co. Donegal