School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 232
- XML “Micheal Amaideach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i n-a rabh a dhearbhrathair Seán ar fastodh. Bhuail sé féin agus fear an toighe 'un chómhráidh agus as an chómrádh tháinig sé go rabh an maighistir ar lorg buachalla agus Micheal ar lorg maighistre. Chuaidh siad 'un margala agus ba é an margadh céadna bhi eathorra agus a bhi idir Seán agus an maighistir ach amháin go rabh an dá chluais le cailleadh ag ca bith fear aca a d'éireochadh feargach leis an fhear eile. Fuair Micheak a shuipear agus chuaidh i luighe. Béigean do éirigh le sgairt an choiligh ar maidín agus a ghabhail amach 'un na páirte a bhualadh arbhair. D'obair sé go h-am dínneára acht ní rabh cosamhlacht ar bith ar bíadh a fhághail. D'oibir sé leis tamaill eile ach ní tháinig biadh ar bith. Mar sin féin níor ghlac Micheal fearg. Líon sé mála saic de'n ghrán agus chaith ar a dhruim é agus chuaidh 'un a bhaile mhóir agus dhíol é. Fuair sé luach an airgid de bhíadh agus phill sé agus d'oibir sé leis an lá sin. An lá thar na bhárach bhi an maighistir agus a(continues on next page)
- Collector
- Séamus O Mhaoilchiarain
- Gender
- Male
- Address
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Informant
- Anna Uí Mhaoilchiarain
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 42
- Address
- Gort an Choirce, Co. Donegal