School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 236
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)intinn le rud éigin a dhéanamh ar an bhean agus seo an rud a rinne sé. Chuaidh sé amach agus ghuidhe sé Día leis na sídheogai uilig í a leanstan nuair a gheobhadh siad amuigh í. Phill seisean isteach annsin nuair a mheas sé a sháith a bheith ráidhte aicí-se agus shuidh sé síos ag cois na teineadh. Rinne an bhean réidh agus d'imthigh sí 'un t-siopa ar an deich a chlog san oidhche. Nuair a bhí sí ar an taoibh amuigh de'n doras thoisigh an seanduine a bhí astoigh ar gach aon sgread agus búirfe. Bhuail eagla ise agus phill sí isteach arais agus fuair sí an seanduine casta chathte astoigh sa teine ar mhullach a chinn ag na taidhbhsi beaga. Comh luath géar a's tháinig sí isteach chuir an t-sean-bhean ceist air caidé a tháinig air. Ní thabhairfeadh sé isteach go rabh rud ar bith ciotach leis. D'imthigh sise arais annsin agus ma d'imthigh bhi seisean ag fághail cuachadh bocht ó na taidhbsí gur phill sí. Thug siad an seanduine leó ar ghreim ruball amach ar an doras.(continues on next page)
- Collector
- Tomás Mac Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Cill Ulta, Co. Donegal
- Informant
- Seán O Cearbhaill
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cill Ulta, Co. Donegal