School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 282
- XML “Oíche Fhéile Bríde”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bheireadh duine de bhunadh an toige amach an cliabh agus a rabh ann go dtí an doras cúil. Theigheadh sé ar a ghlúine ag an doras agus bhuaileadh sé buille beag air ag radh. "Gabhaigí ar bhur nglúine. Fosglaigidh bhur súile agus ligidh isteach Brighid Bheannuighthe."
Labhaireadh fear a toighe da fhreagar.
"Seo beatha na mná uaisle."
Bheirtí an cliabh isteach annsin agus thógadh gach duine a bhall féin as le n-a choinneáil go ceann blíana no bhi sé creidte aca go gcosnochadh an ball iad ar gach contabhairt. Bratach Bhrighde a bheirtí ar an bhall sin. Annsin thógtai an luachair agus an cochan as an chliabh agus gníthí crosogai díobtha agus indiaidh uisce coiscriocta a chur ortha chroctai ceann aca i ngach seomra sa teach agus ins na boithigh fosta le bunadh an toighe a shábhail (mar deireadh an dream nach maireann) ar olc ar(continues on next page)