School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 308
- XML “Cleas an Chnaipe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cleas é seo a chleachtuightí ag cruinnigheacha aois óig go h-áirithe ag faire. Bheireadh fear leis cnaipe no leithphighinn agus chuireadh sé idir a dhá bhais í. Shuidheadh an chuid eile de'n aos óg thart agus mbasa le chéile aca fosta. Theideadh an fear a mbíodh an cnaipe aige thart agus ghnidheadh sé mar bhéadh sé a gabhail a chur an chnaipe idir bhasa gach duine agus bheireadh sé an cnaipe dó dhuine éigin aca. Annsin théideadh sé thart arais agus crios leathair leis agus d'fhíafruigheadh sé dó gach duine cé aige a rabh an cnaipe. Muna dtomhaisfeádh an duine é gheobhadh sé uimhir áirighthe buillí de'n chrios. I n-amanna eile bhainfidh geall do'n duine sin agus rachaidh ar aghaidh leis an chleas go mbíodh geall bainte do gach duine. Rachadh fear ar a ghlúine annsin agus chuirfeadh a cheann i n-ucht an fhir a rabh na gealltai aige. Thógfadh seisean geall agus déarfadh, "Ta ball mór maith annseo(continues on next page)