School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 11
- XML “Gadaí Dubh Ó Dubhagain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí stócach beag ann aon uair amháin agus níor choruigh sé ó'n luaith go raibh sé na bhuachaill. Lá amháin dubhairt a máthair leis go gcaithfeadh sé an luaith a fhágail agus rud eighinteacht a shaothruigheadh dó féin no daobhtha-san. D'imthigh sé agus níor phill sé go ceann cúig bliadhna.
Bhí culaith mhaith éadaigh air ag pilleadh do agus é cóirighthe go deas. Chuala na comharsanaí go dtainic sé agus chruinnigh siad isteach a chuir fáilte roimhe. Nuair a bhí am luighe ann d'imthigh siad uilig na bhaile acht sean bhean amháin a cuaidh isteach i gcúl a' dorais a dh'éisteacht. Chuir an mhathair ceist air caidé an obair a bhí se a dheanamh ó d'imthigh sé. Dubhairt sé gura'b é an gadaidh a bfearr in Éirinn é. Chualaidh an tsean bhean a bhí i gcúl an(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Earcain
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- An Fál Carrach, Co. Donegal