School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 171
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuaireas an sgéal seo fosta ó Seán Ó Gallchobhair.Lá amháin chuaidh fear amach a bhaint dornán fraoich. Nuair a bhí sé ag dul, thug sé leis a chapall agus a charra. Caidé rinne an capall acht bás a fhághail ar an bhealach. Bhain sé de a chroiceann agus chroch sé é ar chlaidhe a bhí os a chómhair. Idir an dá am tháinig drong iongantach cuileóg agus luigh siad ar an chroiceann. Tharraing sé amach a chlaidheam as a sgabairt agus thosaigh sé nó gur mharbh sé uilig iad,
Ins an am cheudna seo bhí fear ag déanamh caisleáin thíos taobh na fairrge agus an méid a deánadh sé sa lá bhíodh sé leagtha san oidhche. Chulaidh an fear eile seo agus ar seisean
Coinneóchaidh mise súil ar do caisleán duit.
Maith go leór agus bhéarfaidh mise mála óir agus airgid duit ar son sin a dheánamh.
An oidhche sin go díreach d'fhan sé 'na shuidhe agus i dtráthaibh an mheadhonn oidhce sheol long isteach béal an chuain. D'fhan sé go socair ar feadh tamaill go dtí gur thoisigh siad ag leagan an chaisleáin. Le sin steall sé na cloigneacha díobhtha le na chlaidheamh.- Informant
- Seán Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal