School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Comhartha maith ar an aimsir. Nuair a bhíos na réilta ag tuitim agus ag damhsa ins an spéir sin comhartha doininne agus siocáin. Nuair a bhíos na saighneáin insan áird thoir-theas sin cuma mhaith ar an aimsir agus nuair a bhíos siad ins an áird thoir-thuaidh sin comhartha doininne.
Nuair a bhíos na cearca ghá gcluimhruighadh féin tráthnóna comhartha mór boglaigh. An lá a tchífeas tú an chearc ghá [fluichiú?] fhéin ná bí ag dréim le turadh an lá sin. Ma chroicheann an bhó í féin ag teacht isteach dí sin comhartha mór doininne. Ma craitheann sí í féin agus í ag déanamh a cuid aoiligh béidh boglach mór air. Má chuireann sé lá Fhéile labhóige béidh sé ag cur ar feadh dhá fhichead lá. Nuair a thig an chéad lá de mhí an Aibreáin thig an broc amach agus má fheiceann sé a sgáile fanann sé amuigh nó beidh fhios aige go bhfuil an aimsir le bheith maith. Dá mbéadh an teinidh an-dearg agus bladhaire gorm uirthí sin comhartha go bhfuil sioc dubh ag teacht. Da dtiocfadh na róntaí agus na mhuca-mara agus na madaidh uisge isteach chun an chladaigh sin comhartha boglaigh. Ma thig mí feabhra isteach mar bhéadh uan ann agus amach mar bhéadh leomhan ann béadh an bhliadhain maith uilig. Má fheicean tú an gabhar ghá thochas féin i n-éadan cloiche[?] sin comhartha go mbéidh sé ag cur roimh an oidhche. Ma bhíonn molt ag boc-léimtigh sin comhartha fearthanna Nuair a bhíos loinnir ins na carraigeacha indiaidh fearthanna deirtear gur droch-aimsir. Droch-rud eile ceo-bothair a bheith ag éirighe ó na bóithribh.Donncadh Ó Gallchobhar, Mín -na-lárach-Gort-an-choirce a d'inis an seanchus seo. aos 79- Informant
- Donncadh Ó Gallchobair
- Gender
- Male
- Age
- 79
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal