School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 176
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus nuair a thoiseóchadh an phian é a chuimilt ar an fhiacail. Tá eascaine nimhe maith fosta. Ruadh= Im gan iarraidh trí h-uaire uisge dubh bachta nó giota de tais-eudach. Léigheas eile: Cloch ghorm de chuimilt naoi n-uaire do'n chneidh, agus annsin an chloch do chaitheamh thar do ghualainn. Leigheas leónta= Ghní an fear nó an bhean a bhfuil an léigheas seo aige ghní sé nó sí snáithe agus caithfidh tú é a chongbháil ar do chois go bhfuighidh sí biseach. Deir sé urnaí fosta. Tá an snáithe deánta de lín, Fiabhras croidhe= Dul amach indiaidh an ghrian dul luighe agus tú féin síneadh ar an talamh agus do cheann bheith amach ó thuaidh agat. Annsin sgraith bhaint ag [bun?]do choise agus ceann eile an áit a rabh do cheann. Seo a dheánamh trí h-uaire gach eile oidhche ar feadh naoi n-oidhche.
Léigheas eile: Snáithe barraigh a chur isteach i gcroidhe ribín dubh síoda a's é chórnadh suas go chruaidh; An chroich chéasta a dhéanamh trí h-uaire ar an talamh agus ar do chroidhe agus béidh tú léigheasta annsin.
Dubhlagan= An fear a bhfuil an léigheas aige bolgam uisce a [ól?] agus urnaighe a rádh. Annsin é an t-uisce ( a ól) chathamh ar phláta agus bhéadh an dubhlagan a bhí i súil an duine eile i n-a luighe ar an phláta. Cleachtuigheann daoiní fá leith an leigheas seo. Tá an té a bhfuil an leigheas aige ábalta dubhlagan a bhainnt amach as súil duine atá i n-Albain nó i n-áit ar bith ar an domhan agus litir a chur chuige ag innse dó caidé a bhí istoigh inntí. Droch chnapáin= Tá an leigheas seo ag an seachtmhadh mac. Léigheas eile= Caithfidh an leanbh a bhfuil na cnapáin air a dhul go dtí duine éighinteacht a bhfuil an léigheas aige agus béidh naoi bpíosa iarainn ag an duine seo agus chuimleóchaidh sé iad do'n leanbh ar a bhfuil na cnapáin(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Curráin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal