School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 192
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an brachánn a bheith reidh aicí nuair a thiocfadh sise. D'imthigh siadsan leo agus d'fhág siad eise istigh.Thoisigh sí a chaoineadh mar nach rabh sí ábalta an brachán a dhéanamh. Ní rabh sí i bhfad ag caoineadh gur chualaidh sí tormán ag an doras. D'éirigh sí agus d'osguil sí é annsin do shiubhal an chaora dhubh isteach. D'fhiafhruigh an chaora díthe cad chuige a rabh sí ag caoineadh. D'innis sí díthe an fáth. "Bhal, arsa an chaora; fanóchaidh mise istoigh agus deanfaidh mé an brachan agus imthigh thusa chuig an damhsa fosta!! "Níl culaith nó bróga nó a dhath agam le dhul" " cas an adhairc." arsa an chaora dhubh. Do chas agus do tháinig culaith dheas agus bróga deasa airgid amach aisti. " Anois, arsa an chaora dhubh "Má imthigheann an bhróig deis duit ar an dó-dhéag a chlog pósfar thú ar mhac an rí."
D'imthigh sí léithe chuig an damhsa agus nuair a chonnaic an mháthair agus an inghean eile í tháinig iongantas ortha. Bhí achan duine ag rádh. " Cé h-í an cailín deas sin". Annsin do thoisigh sí ag dhamhsa. Do theich an mháthair le náire nuair a chonnaic sí an ingheann bhocht seo go galánta agus í féin go bratógach. D'imthigh an bhróg airgid díthe ar an dó-dhéug a chlog agus is é mac an ríogh do fuair í. Annsin trí lá i n-a dhiaidh sin pósadh an bheirt agus do chuaidh an inghean bhocht a chomhnuidhe i dtoigh an ríogh.- Collector
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Éamonn Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal