School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 193
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí triúr cloinne aicí. Bhí siad iongantach bocht. La amháin chuaidh an mháthair chun an t-siopa. Níor fhág sí astoigh acht an triúr. Ní rabh sé i bhfad go dtáinig duine éiginteacht chun an dorais. Rith na páistí siar faoi an leabaidh. Tháinig an duine isteach. easbóg do b'eadh é. Sgairt sé ar na páisti acht ní tháinig aniar acht duine amháin aca." Cá bhfuil do mháthair?" arsa an t-Easbóg. "Chuaidh sí chun an t-siopa" arsa siadsan. " Am mbeidh sé i bhfad go dtigidh sí, arsa an t-Easbóg. "Ní bheidh " ar siadsan acht sa deireadh arsa an t-Easbóg leo. "Ar ith sibh feoil ar bith indiú?" Níor labhair na páistí ar choir ar bith. Sa deireadh d'éirigh an t-Easbóg le h-imteacht agus nuiar a bhí se ag dul amach ar an doras, arsa duine aca leis "Caor theinteáin air síleann sé gur am nodlaig atá againn." D'imthigh an t-Easbóg nuair a chuala sé an chainnt seo agus gach gáire aige. - SgéalBhí trí ghadaidhe ann uair amháin agus fuair siad amach go raibh fear saidhbhir i n-a chomhnuidhe i n-aice leó. Rinne an triúr aca suas go gcuartóchadh siad an teach oidhche éiginteacht agus go dtabharfadh siad leó an t-airgead. Tháinig an tiúr aca i lár sn meadhon oidhche acht ní(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Éamonn Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal