School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an bhliadhain naoi gcéad agus a seacht déag báitheadh stócach fá thuairim seacht nó ocht déag a bliadhna ag an "Bharra" faoi an Fhal-Carrach. Ba mac-leighinn é a bhí ar Chóláiste Cholm-Cille agus tháinig sé go Coláiste Chloich-Cheann-Fhaoiligh a fhóghluim Gaedhilge. Tráthnóna deas samhraidh amháin chuaidh sé féin agus a chuid comhráduidhe síos go dtí an "Barra" fá choinne snáimh. Bhí snámh maith aige acht chuaidh sé amach ró-fhada agus bheir an sruth air agus báitheadh é. Tháinig a athair agus a mháthair fá na choinne agus iad briste brúithte. Bhí tórramh mór leis go dtí stáisiún.
- Collector
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Áodh Ua Ghallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Tá sé suas le fiche bliadhain ó tharla an báthaidh seo. Fear ar b'ainm do Tomás Mac Suibhne a baitheadh. Ins an Fhoghmhar a thárla sé. Aon lá amháin bhí sé ag baint an choirce agus corrán a bhí aige. Bhí iomrádh mór go rabh eudálach ag teacht i dtír an t-am seo. Siúd síos a bhean fhad leis agus ar sise, "Nach bhfuil fhios agat go bhfuil eudalach ag teacht i dtír," agus tharraing sé an corrán as a láimh. D'imthigh sé. Do chaith sé tamall maith ag cuartú sula dteachaidh aige aon rud a fhagháil. Acht sa deireadh chonnaic sé léab mhór adhmuid ar an t-snámh. Súid a mharcaidheacht air é agus go díreach nuair a bhí sé(continues on next page)