School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 207
- XML “Dóghadh”
- XML “Pláigh”
- XML “Pláigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann agus bhí an mháthair ar siubhail i n-Albain. Bhí an bhean a bhí sa bhaile ag brath dhul chun an Aifrinn an lá thar na bhárach. Chuaidh sí suas sa t-seomra fá choinne a cuid bróg. Bhí cócán thuas faoi an leabaidh san áit a rabh na bróga. Beir an bladhaire ar an chócán agus chuaidh an teach ar theine agus chuaidh an bhean a chuir an teach le theine chun an Aifrinn an lá thar na bhárach.
- Collector
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- I mbliadhain a naoi gcéad déag agus a h-ocht déag bhris pláigh mhór amach ins an tír seo nuair a bhí deireadh leis an chogadh. Bhí cuid mhór daoine ag fágháil bháis. Bhí cúpla tórramh ann gach lá. Bhí eagla ar gach aon duine a ghabháil i bhfad ó bhaile nó dá dtéigheadh thiocfadh an phláighe ortha. Dá mbeadh faire ag taoibh an dorais ag teach bheadh eagla ar na daoine a ghabháil chun na fáire féiin.
- Fuair cuid mhór daoine bás leis. Chualaidh mé go bhfuair stócach óg nach rabh acht sé bliadhna déag d'aois bás leis agus é ag teacht abhaile as Dún Fionnachaidh. Ní raibh ag na mháthair acht é agus bhí siad an-bhuaidheartha in a dhiaidh. Tugadh go roilig Ghort-an-Choirce é agus cuireadh annsin é.