School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 221
- XML “Stoirm Eile”
- XML “Stoirm Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)maith leis an áit sin. Níor fhan punann indiaidh an phunann eile nó go deachaidh treasna na trágha agus amach thall ins an fhairrge. Bhí féar tirim bainte ag triúr fear ar an bhaile. Rinneadh rollóg de'n méid a bhí ann agus d'imthigh sé leis an ghaoth agus (d'imthigh sé leis a) ní rabh greim de le fághail lá thar na bhárach. Ní rabh comhartha ar bith ann go rabh an stoirm le theacht. Thoisigh sé tráthnóna go luath agus níor stad sé nó go rabh sé indiaidh clap-sholuis. Níor cailleadh eallach nó ainmhidhthe ar bith mar sin mar go rabh siad uilig istuigh ins na bóithigh. Níor cailleadh daoine ar bith thart ar an chósta seo acht báitheadh go leór ar chósta na h-Alban an domhnach ceudna. D'imthigh an ceann de chupla teach ar an bhaile mar nach rabh siad ceangailte ró-mhaith. Toighthe úra a bhí i gcuid aca fosta Stróc agus rois an ghaoth mhór cuid aca fosta agus na crainn-aiteann agus crainn eile fosta. Bhí stoirm mhór eile ann seal bliadhantach ó shoin acht níl cuimhne ag aon duine de na seanduiní uirthí.
- Stoirm eileAr an dara lá d'eanair, ins an bhliadhain 1882 bhris stoirm mhór amach . Bhí bád na h-Alban ag dul trasna agus bhí losta caorach uirthí. Cailleadh na caoirigh agus an caiftín. Ins an am sin ní raibh ar an bhaile seo acht toighthe cionn tuighe. Bhí gach duine amuigh ag cur rópaí, agus túrtóga ar a thig fhéin.Bhí cuid acú ag siubhal ar a gcosaibh agus ar a lámhaibh.(continues on next page)
- Collector
- Séamus Mac Fhionnlaoigh
- Gender
- Male
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Séamus Mac Fhionnlaoigh
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal