School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 224
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
- XML “Táirgí Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rabh cróca óir i bhfolach ar "Chnoc a Leithid" faoi thúrtóig. Suas leis ar maidín an lá-ar-na-bhárach. Fuair sé an túrtóig acht go díreach nuair a bhí sé ag gabháil faoithe tháinig cnap ceo thart air, sgannruigh sé agus d'imthigh sé chun an bhaile gan a dhath a fhághail.
- Tairgí Óir
Bhí fear i n-a chomhnuidhe thoir i Machaire Rabhartaigh aon uair amháin agus deir siad go dtearn sé brionglóid oidhche amháin go rabh croca óir i bhfolach thuas i gCur-na-Leabhar. D'innseadh dó san bhrionglóid cé'n áit ar an chnoc a rabh sé. D'éirigh sé ar maidín an lae thar na bharach agus níor leig sé a dhath air féin fá dtaobh de. Acht an oidhche sin rinne sé brionglóid fosta mar an oidhche roimhe sin agus rinne sé an brionglóid chéadna an oidhche i n-a dhiaidh sin. Ar maidín an tríomhadh lae, dar leis féin: " Tá an bhriongloíd seo fíor" Chaith sé an spád ar a dhruim agus ar siubhál leis ag tarraingt ar " Corr -na-Leabhar". Nuair a thainig sé fhad leis an ait seo chonnaic sé go rabh sé níos duibhe ná an chuid eile agus shaith sé an spád isteach ann, agus tháinig an spád ar cheann fir do bhí 'na sheasamh san áit. Léim an fear aníos agus fhuair greim air, agus chuir sé san pholl é agus a dhá chois anáirde. D'imthigh sé leis, nó ba fear de na daoine beaga do bhí ann. Bhí an fear thíos ins an pholl go dtí tráthnóna an lae sin, agus bhí fear ag gabháil thart agus chonnaic sé é. Chuir sé ceist air caidé a chas annsin é. D'innis sé dó. " Bhal," arsa an fear eile leis, "Dá mbéadh fhios agat cá bhfuil tú ní fhanóchtha i bhfad ann".(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal