School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 228
- XML “Táirgí Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tairgí Óir
Tá buatais óir i bhfolach ins na "Clocha Móra", sin cnoc atá ar an cheann thoir de Mhachaire-Rabhartaigh. Deirtear gur fear de na "Fianna Éireann", a tháinig anall an tráigh lá ag tarraingt ar Mhachaire- Rabhartaigh agus bhí buatais an óir leis. Bhí se fá choinne a theacht trasna an bealach sin aríst agus bhí sé iongantach tuirseach agus d'fhág sé an t-ór i n-a dhiaidh go dtiocfadh sé aríst. Dubhairt sé: " Tá mé ag fágail mo bhutaise óir i bhfolach ar aghaidh tuinne na h-Áirde Tuaidh, idir Chnoc Fola agus talamh na Mara Ruaidhe". Bhí sé iongantach láidir agus d'fhág sé faoi lic mhóir an bhuatais óir agus cloch iongantach throm i mullach na leice. Tá an áit sin le feiceáil ag duine ar bith;- an leac mhór i n-a luighe ar an talamh, dha chloich bheaga chruinne i mullach na leice agus cloch a bhfuil meadhchan mhór innti i-n-a luighe anuas ar na clocha cruinne. Rinne beirt fhear as an bhaile seo iarracht fá choinne an bhútais a fhágail acht ní bh fhuair siad í Faoi chloich eile a bhí siad cuartiú agus sin an fáth nach bhfuair siad í.
Tá an bhútais óir annsin ariamh ó shoin faoi an leic agus níor baineadh léithe. Deir cuid de na daoine gur cheart a ghabhail agus í a chuartú acht deir cuid eile acú go mbéadh mí-ádh go deo ortha, dá bhfuigheadh siad ór a bhéadh i bhfolach nó go bhfuil an t-ór sin ag na daoine beaga. Deir cuid eile aca nach mbéadh mí-ádh nó ádh ar an té a gheobhadh ór i bhfolach. Níl fhios ag na sean-daoine fá ainmhidh ar bith a bheith ag cosaint an bhuatais óir atá i bhfolach ins na "Cloch Móra" agus an cróca óir atá i bhfolach ag bun cuid "Beanna Thaoibh an Léithid"(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Géidigh
- Gender
- Male
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal