School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 232
- XML “Póstaíocha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- PóstaidheachaFad ó shoin ba h-an tam de'n bhliadhain a bpósfadh na daoine ó Nodlaig go dtí Féile Pádruig agus deirtí an té nach mbéadh pósta an t-am sin go mbéadh a cheann san phota. Deirtí gurab é am mío-ráthamal chun pósta, roimh Nodlaig agus i ndiaidh na Féile Pádraig. Is ceart duit cearc, nó gé nó rud mar sin a mharbhughadh oidhche Mháirt -n-a h-Inide. Bhí fear ar an bhaile seo aon uair amháin agus chuaidh sé soir go Baile-na-Creige a dh'iarraidh seort mná. Bhí sé ólta agus níor mhothuigh sé ariamh gur leagadh anuas ó'n chapall go talamh é, agus d'imthigh dhá fhiacal as. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. D'imthigh sé leis agus nuair a tháinig se go teach na mná, isteach leis, agus d'innis se an sgéal díthe. "Dá gcaillfeá an cár uilig rachainn leat" arsa sise. Nuair a bhíodh fear ag gabháil chuig mnaoi fadó, chaitheadh beirt nó triúr fear eile a bheidh leis. Théigheadh siad an cheud uair agus cheannuigeadh siad barraile[?] mór póitín agus bheireadh siad leobhtha é go dtí an teach acht sula dtéigheadh siad isteach chuireadh siad an póitín i bhfolach san ghárradh ar eagla nach bhfuigheadh siad an bhean, Ní bhéadh an póitín caillte ortha. Annsin dá bhfuighfidhe an bhean rachadh beirt nó triúr fear amach agus bheireadh siad isteach an póitín, As annsin a bhéadh an sport, agus an ceól, agus an rinnce. Nuair a chluineadh an taos óg oidhche de'n chineál seo le bheith ann chruinnigheadh siad thart fá'n teach. Bhí oidhche amháin ann agus bhí fear dá phósadh ar an bhaile seo. Cineál de leath-dhuine dó bhí ann agus bhí fhios ag achan duine go mbéadh oidhche amach ann. Chruinnigheadh lucht na(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Éamonn Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal