School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Daoine cáileamhla eile.
Lean Paidí Ua Dubhchon as an Ardaigh Bheag giarrfhiadh píosa fada am amháin agus bhí sé fá-choinne an rása a thabhairt suas, bhí sé comh tuirseach sin, Bhí bocsa tobac i n-a phóca agus thóg sé amach é agus buail an girrfhiadh agus mharbhuigh é Thóg Paidí an girrfhiadh agus thug na bhaile é.
D'iomchar Pádraig Ua h-Árlaí as an Árdaidh Bhig cúig chéad agus trí cheathramha ceilp amach as bád i mbeilt leathaigh go dtí stór i n-a raibh siad a thomhas. D'iomhchar sé ocht gclocha déag coirce fosta ó na theach fhéin go dtí teach a bhí míle ar shiubhal agus am amháin eile thóg sé baraille aoil a bhí sé chéad meadhchain Nuair a d'fhág sé síos é bhí an talamh ag teacht thart faoi.Teach damhsa.
Bhí teach ar an Ardaidh Bhig a mbíodh damhsa go minic ann. Domhnall Ó h-Annlain a b'ainm dó'n fhear agus Máire Ní Annlain a b'ainm do'n bhean, Fidileoir a b'eadh Domhnall agus bean eile a bhí ann a dtugadh siad Nábla uirthi. Bhí Máire i n-a damhsóir mhór. Chruinnigheadh daoine as gach cearn de'n tír san oidhche. Thigeadh siad anoir, agus aniar, a dtuaidh agus a dheas. Ní bhíodh aon teach ábalta iad a chongbháil agus bhíodh na páirceanna fá'n áit dubh le daoiní. Bhíodh "sheebeen" ann fosta agus gheibhtheá do sháith le h-ól am ar bith a mbiodh dúil agat ann. Bhíodh bean bhocht ag gabháil thart a dtugadh siad "Róise an mhadaidh" uirthí.Thigeadh Róise a dh'airneál aca nuair a bhíodh sí fá'n áit. Bhíodh trí madaidh léithe, "Fowler" a b'ainm do cheann aca. Théigheadh na madaidh a dhamhsa nuair a(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Géidigh
- Gender
- Male
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal