School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 259
- XML “Cluiche Eile”
- XML “Cleas Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cé bith a thógadh é gheibheadh sé le h-ithe é i na dhiaidh sin bhí an ceann eile fágtha aca agus an duine a fuair an chéad cheann gheibheadh sé é sin leis an chluiche d'imirt. Bheireadh sé sin leis taírnghe agus chuireadh sé isteach sa séileáil é. Annsin gheibheadh sé córda agus chuireadh sé ar an ubhall é. i na dhiaidh sin chuireadh sé an córda isteach ar an táirnghe agus d'iarradh sé ar (an) dhuine breith air le an bhéal. Nuair a bhíodh an duine sin ag dul a bhreith air tharnóchadh sé suas é. Bhíodh sé ag dul leis mar sin nó go dtigeadh sé go dtí an duine ba chríonna aca. Nuair a thigheadh sé go dtí an duine sin, bheireadh sé léim anáirde agus bíodh sé leis i n-a láimh, agus théigheadh sé amach ar an doras. An dara h-oidhche bhíodh sé aca bhíodh páistí úra aca i n-áit an mhuinntir a bhí aca an oidhche roimhe sin.
- Cluiche fá-choinne leanbhaí óga a chur ag gáirí.
Ar dtús gheibh duine píosa beag leathair agus ghnídheadh sé thart cruinn é. cosamhail le roth Annsin gheigh sé sreangán agus cuireann sé dhá pholl i gcroidhe an leathair. Cuireann sé an sreangán dúbhailte isteach ins na poill agus bíonn sé réidh aige annsin Cuireann sé a mhéar isteach i n-gach ceann de'n t-sreangán agus casann sé é, Bíonn sé a tharraingt go bog anois agus aríst agus an leathar ag gabháil thart iongantach gastaCleas eile
Cruinnigheann cuid mhór páistí agus gheibh rópa fada. Téigheann siad i n-a dhá sgaifte agus téigeann gach sgaifte aca i n-éadán an sgaifte eile agus toisigheann gach taobh a tharraingt an rópa chuca(continues on next page)- Collector
- Pádraig Mac Géidigh
- Gender
- Male
- Informant
- Peadar Mac Fhionnlaigh
- Gender
- Male
- Age
- 62