School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 277
- XML “Áitainmneacha Eile”
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Machaire Rabhartaigh. fado shoin ba ghnáth leis na daoine cuid mhór leathaigh agus feamnaighe a bhaint ann. Bhaist siad "Cur na Leathaigh" air annsin.
An Bhearnaigh Bhán:- Thíos ag taoibh na fairrge atá an áit seo. Tá lag mór ann agus dá dtéightheá amach ann agus an lán mara ag teacht isteach bháthfaidhe thú. Tá dath bán i dtóllamh ar an áit agus baisteadh " An Bhearnaigh Bhán" air de thairbhe sin.
"An Scairbh":- Ag taobh na tráigha atá an ait seo. Ta cuid mhór gainmhe agus cloch beag fríd a chéile thart san áit. Siocair go rabh sé comh mín agus bhí sé bhaist siad " An Scairbh" air.
Gárradh Antoine:-Ba le fear a rabh Antoine air an Gárradh seo. Tá claidhe ar phíosa dhe agus crainn ghlasa ar phíosa de. - Áit-ainmneacha
Tá na h-áiteacha seo uilig suidhte i Machaire-Rabhartaigh. Tugadh an "Sceilp" ar áit amháin ar an fheirm, cionn'us go bhfuil dhá bhinn árda ar gach taobh de agus díog eatorra. Ar gach taobh de'n díog tá talamh réidh. Ba h-é an tuillidh a thug an bhail sin ar an áit fadó agus n ífhuair an áit aon ainm o shoin acht an "Sceilp".
Tugadh " An Cuirín" ar áit eile cionn'us go raibh cuid mhór creagacha deasa ann. Tá siad uilig ós cionn a chéile agus tá siad ag críochnughadh le bárr geár. Tá leacacha eile thart ortha fosta agus tá siad mar a bhéadh staighre ann.
Tugadh "Cloch an Bhearraidh" ar áit. Cloch gharbh a bhí ann agus ba ghnáthach le turtóig a bheith o's a cionn. Bhí bachtaí fá'n áit agus bhíodh na(continues on next page)- Collector
- Eibhlin Ní Chanann
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Eibhlín Ní Ghaothcáin
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal