School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 281
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uaidh Dhomhnall óg a ceannuigheadh é.
"An Mhalaidh Láir" :- Tá malaidh againn fosta agus siocair go bhfuil sí astoigh idir beirt eile bheirtear an 'mhalaidh láir uirthí.
" An Pháirc Dhoighthe":- Tá an pháirc seo ag Michéal Mac Phaidín agus siocair go rabhthar ag dóghadh leathaigh inntí fuair sí an t-ainm seo.
"Páirc an t-sean toighe":- Seo páirc an t-sean toighe atá ag Cathal Ó Gallchobhair. Tá sean bhallóg toighe inntí.
" An Druim Ruadh":- Sin píosa talaimh agus tá dath ruadh ar an fhéar atá ann.
" An Maolánach" = Sin áit atá thíos ar an tráigh agus sioncair go bhfuil sé maol gan aon fhosgadh aige, baisteadh an t-ainm sin ar an áit.
Lág na gCeasach:- Sin áit atá ar an chnoc agus fadó bhithí ag déanamh ceasaighthe thart san áit nuair a bhíodh na daoine ag cruinnuighadh mónadh. Ceasaidh a bheirtear thart annseo, ar bhealach trasna ar shruthán beag. Dheánamh siad ceasaidh de sgratha agus gráigeanna. Bhí lag íseal san áit seo fosta, agus sin an dóigh a bhfuair sé a ainm. - Is i Mín-Na-Lárach, Gort-an-Choirce, Tír-Chonaill atá an fheirm seo. Seo na h-ainmneacha atá ar áiteacha éigin ann.
An Pháirc bheag: Sé an fáth gur baisteadh an "phairc bheag" mar ainm uirthí mar go rabh sí iongantach beag
Bun-an-Talaimh:- Baisteadh sin air mar go rabh sé ag bun an talaimh.
An Draen mór:- Baisteadh an tainm sin air mar go rabh lag mhór fhada ann.(continues on next page)- Collector
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal