School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 289
- XML “Seanfhocla”
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gur sé h-uaire a bhíodh siad ar an bhealach.
15. Fear na bó é féin sa ruball
Tchífidh tú seo cruithuighthe i gcomhnuidhe. Má bhíonn an bhó i n-abair is ar fear na bó é féin a chuireann sí buaidhreadh. Bíonn sé féin i gomhnuidhe sa ruball aicí ag cuidiú léithe.
Nóra Ní Ghallchobhair, (Machaire - rabhartaigh), Mín - na -Lárach, Tír-Chonaill
Cáite Ní Ghallchobhair, Mín -na -Lárach, Gort- an -Choirce, Tír- Chonaill - Sean-Fhocla.Is í Machaire - Rabhartaigh an baile fearainn agus is Cloich-Cheann-Fhaoilidh ainm an pharóiste.1. Cam díreach an ród sé an bealach -mór an aithghiorra.Dá mbéadh duine ag dul áit ar bith agus é bealach goirid a fheiceáilt. Tharraingeochadh sé ar an aithghiorra. Nuair a bhéadh sé deas de bhun an pháirc, b'fhéidir gur ainmhidhthe droch-mhúinte a bhéadh ins an pháirc, ní bheádh leigheas aige annsin acht pilleadh agus a dhul thart an bealach mór.
2. Bean gan leanbh bean gan leithsceul.
An bhean nach bhfuil leanbh aicí le é a chealgadh ní bhíonn leithsceul ar bith aicí le í a bheith 'na suidhe, gan í a bheith ag obair.
3. Fear gan píopa fear gan scíthiste.
Fear ar bith a bhíos ag obair ní thig leis stad muna bhfuil píopa le deargadh aige.
4. An té is ciúine is é is buaine.
An duine a bhfuil foighid mhaith aige glacann sé gach rud go réidh acht bíonn daoine eile ann agus glacann siad gach rud go garbh. Acht an té a ghlacas gach rud go(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Chanann
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Chathal Ó Canann
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal