School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 294
- XML “Tuilleadh Seanfhocla”
- XML “Seanfhocla Eile”
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní h-é an t-am a bhíos an t-Aifreann ar siubhal, is cóir bheith ag cainnt.
Pádraig Ó h-Oireachtaigh, Machaire-Rabhartaigh, Gort -an-Choirce,
Eamonn Ó h-Oireachtaigh Machaire-Rabhartaigh, Gort -an-Choirce, - An té na nglacfaidh comhairle, glacfaidh sé comhrac.
Ní dheachaidh fhóbair ariamh i n-abar acht is minic a báitheadh b'fhéidir.
Mara dtaitnigh do mhargadh leat níl léigheas ar bith air, acht a dul chun an aonaigh arais
Caidé an mhaith a bheith ag buaileadh do chapaill agus an capall a mharbhadh féin.
Má bhíonn tú i gcruadhchás i coidhche suidh agus i gcionn tamall bhéarfaidh do shrón féin comhairle ort.
Níl a n-amadán i n-Árainn nach bhfuighidh málaid ar an Aillt.(Sin ag mínuighadh nach bhfuil fear amaideach ar bith i n-Arainn Mhór nach bhfuighid bean gan mhaith ar an Aillt)
Peadar Ó Briain,
Ardaidh Bheag,
Gort-an-ChoircePádraig Ó h-Arlaí
Ardaidh Bheag (80 bl aois)- Collector
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ó hArlaí
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Lucht Siubhail
Glaodhann ;ucht siubhail go dtí an dtigh go han-mhinic. Is iomdha seórt daoine a sgairteann. Tá cuid aca i n-a gcomhnuidhe ar an Fhálcharrach, sé sin, cuid de na tinncléirí. Bíonn sgabaill, bréagáin bioráin, pionnaí agus pionnaí beaga, baill bheaga eudaigh, coróineacha muire, sciana, ciarsúir phóca, leabharthaí urnaighe, stocaí, cupaí stáin agus mar sin de.dhá ndíol aca. Gheibh siad na h-earraí beaga ins na siopaí(continues on next page)