School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 309
- XML “Bia na nAinmhithe”
- XML “Bia na nAinmhithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar tá slabh. Sin tuirnipí agus iad bruithte. Annsin bhrúigheadh siad iad go mbíodh siad go mion aca. Bheireadh siad do na capaill. "Mais" sin biadh eile aca, preataí brúighte agus uisge galach fríd a cheile.
- Bia na n-Ainmidhthe ( ar lean).
Ba: Bheirtear préataí fuara agus iad gearrtha do bha. Nuair nach mbíonn préataí fairsing bheirtear cál agus cóchan dóibh. Cóchan, coirce min agus féar an gháth-bhiadh a bheirtear do na caiple.Bheirtear an cóchan dóibh tamall roimh dul ó sholus de agus bheirtear coirce agus deoch mine buidhe dóibh i ndiaidh teacht isteach ó na gcuid oibre. Itheann siad an féar amuigh ins na páirceanna.
Muca:- Préataí bruighte agus bainne a bheirtear dóibh. Bíonn na préataí brúighte leis na lámha agus bainne ortha fá choinne iad a dhéanamh bog. Bheirtear bainne mar dheoch dóibh. Caoirigh:-Ní thugtar aon nidh do chaoirigh mar go mbíonn siad i dtólamh ag inghilt amuigh ar na sléibhte agus ins na pairceannaíbh.
Cearca:- Préataí brúighte agus coirce an ghnáth-bhiadh a bheirtear dóibh,. Bíonn na préataí brúighte briste suas agus gráinín min buidhe ortha. Cuirtear braon uisge the fosta ortha le iad a dhéanamh bog agus te.
Géacha:- Préataí fuara agus coirce is mo bheirtear dóibh. Bíonn na préataí fuara gearrtha suas agus piocann siad leobhtha ortha. Bheirtear coirce dóibh uair amháin sa(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Géidigh
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal