School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 314
- XML “Marcáil na nAimhithe le Comhartha Speisialta”
- XML “Cearca Goir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhíonn an comhartha amháin ag achan duine, nó dá mbíodh ní aithneóchaidhe na caoirigh in aon chorr. Geárrann cuid de na daoine an olann de'n mhuineál acú agus geárrann cuid eile acú an olann de'n druim acú. Comhartha eile fosta an tarra. Cuirtear canna mór tarra síos ar an teinidh agus nuair a bhíos sé léighte acú dóirteann siad síos ar an druim acú é.
- Cearca Guir
Is gnáthach cuid mhór éilineacha a leagan i mí a Mhárta. Ar tús gheibhtear bocsa agus cuirtear cóchán glan ann agus 'na dhiaidh sin an chearc ghuir. Deirtear nach bhfuil ádh ar bith i n-uimhreacha cora (odd) go mór mhór trí déag siocar gurbh é "Iúdas" an tríomhadh fear déag a bhí ag an t-suipéar dhéidheannach; sin an fear a dhíol Íosa. Má leagtar éilín nuair a bhíos an lán mara lán deirtear gur coiligh uilig a bhéas air, agus má leagtar é nuair a bhios an lan mara ag dul amach deirtear gur cearca uilig a thiocfas as na h-uibheacha. Bíonn na h-uibheacha marcálta ag cuid mhaith de na daoine sé sin dá bhfuigheadh siad uibheacha iasachta agus iad a leagan fríd a gcuid fhéin Chuireadh siad marc eigín ortha go bhfeiceadh siad cé aca b'fhéarr a gcuid cearc fhéin nó an chuid eile. trí seachtmhainí a bhéas uibheacha cearc sula dtuigidh siad amach; mí a bhéas uibheacha lachan; cúig seachtmháiní uibheacha géacha agus an t-am céadna uibheacha turcaigh. Seo an dóigh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Gallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Cáit Ní Gallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal