School: Caiseal na gCorr
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCorr
- XML Page 206
- XML “Scéaltaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéaltaí
“Bhí fear ann aon uair amháin, agus bhí triúr mac aige. Bhí an mac a b'óige iontach maith ag obair, agus bhí an bheirt eile iontach fallsa.”
Bhí fear ann aon uair amáin, agus bhí triúr mac aige. Bhí an mac a b'óige iontach maith ag obair agus bhí an bheirt eile iontach fallsa. Gheall sé díobhtha go bhfágfadh sé a chuid fhéin ag gach mac acu.
Sul a bhfuair sé bás d'fág sé an méid a bhí aige uilig ag an mhac b'óige, mar go bé eisean ab'fearr leis. Ní rabh an dá mhac eile sásta le seo.
Nuair a fuair sé bás cha rabh an dá mhac eile sásta é a chur, agus choinnigh siad sa tseomra ar feadh fada go leor. D'imthigh an mac a b'óige agus chuir sé é, agus nuair a chonnaic an dá mhac eile seo, d'imthigh siad síos 'na roilige agus thóg siad araist é, agus thug leis 'na bhaile é. D'imthigh an mac eile airist agus chuir é.
Annsin chuir sé gárdaí ar an uaigh. Tháinig an dá mhac araist fá choine é thabhairt leo, ach bhí na gardai rompa. Thoisigh siad a throid leo ach fuair siad-san an bhuaidh órtha.
D'imthigh siad 'na bhaile sa deireadh agus a saith corraigh ortha. Mharbhuigh siad an mac annsin, agus d'fhág sin an teach(continues on next page)- Collector
- Maighread Níc Suibhne
- Gender
- Female
- Address
- Fána Bhuí, Co. Donegal
- Informant
- Niall Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Fána Bhuí, Co. Donegal