School: An Sraith Mhór (roll number 15208)
- Location:
- An Srath Mór, Co. Donegal
- Teacher: Brighid Ní Ghaodhchain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sraith Mhór
- XML Page 1
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann in-am amháin agus bhí sé ar fastódh. Nuair abhí an t-am thuas aige d'fiafruigh sé do ciacú a mbfearr leis céad púnta nó trí-comhairleacha.”
Sgéal
Bhí fear ann in-am amháin agus bhí sé ar fostódh. Nuair abhí an t-am thuas aige d'fiafruigh sé do ciacú a mbf[earr] leis céad púnta nó trí-comhairleacha. Dubhairt seisean go nglacfach sé trí comhairleacha An chead comhairle a thug sí do an bealach mór i gconuidhe a chongbhuilt agus gan a dhul ariamh an aith ghiorra. An dara ceann gan codladh ariamh i dteach a mbeadh bean óg pósta ar sean dh[uine] An tríomhadh ceann gan a dháth tobann a dheánamh go gcaithfeadh sé a phiopa. Nuair abhí seisean ag teacht na bhaile bhí beirt fhear leis ag[us} bhi siadsan ag dhul an aith-ghiorra. Rinne seisean amach go nglacfadh ceann do's na comhairleacha agus nach rachfadh sé an aith-ghiorra. Chuaidh [an] bheirt fhear eile an aith-ghiorra agus casadh robairí ortha a bhain a gcu[id] airgead uilig dobhtha agus tobar go marbhochadh siad iad. Bhí siad buaidhaartha annsin nach ndeachaidh siad an bealach mór leis an fhear eile. Thainig oidhche ar ar fhear a chuaidh an bealach mór agus chuaidh sé isteach i dteach go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé loisdín ann. Bhí bean óg agus s[ean]dhuine 'san teach Rinne sé amach bhféidir go rabh siad posta agus nach bhfanó[dh?] siad luighe sé i gcrauch fheir abhí acú. Sul a dtáinig maidin lá na bh(continues on next page)- Collector
- Seán Mac Aoidh
- Gender
- Male
- Address
- Gleann Domhain Beag, Co. Donegal
- Informant
- Anna Bean Aodh Mac Giolla Chearra
- Gender
- Female
- Address
- Gleann Domhain Beag, Co. Donegal