School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 136
- XML “Turas Naofa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Eas Fionáin, cois na fairrge. I mbaile fearainn- Oirthear Dhumhthaigh - Fálcarrach(?)
1) Tá dhá ainm ar an tobar seo- “Árd Fíonáin” agus “Eas Fíonáin.” Is é an t-ainm dheireannach atá le cluinstin anois i gcomhnuidhe. 2) Tá an tobar beannuighthe seo suidhte ar bhruach na fairrge i mbaile fearainn a bheirtear “Óirthear Dhumhthaigh Mór” air. Nuair atá an fhairrge ag trághadh tá giota maith ón tobar go d-tí é. Níl tobar ar bith ann mar tuigtear an focal “tobar" faoi láthair. ‘S é a bhfuil le feiceál trí srutháin uisce ag brughadh amach as an talamh ós chionn an chladaigh agus ag sileadh anuas ar bhruach na mbeann síos go dtí gainimh na trágha síos ar íochtar. Tá an t-uisce comh fuair i gcomhnuidhe agus is féidir a bheith. Tá sé glan, glé fosta. Níl sgeach, crann ná dadaidh eile i ndeas do'n tobar. Tá teampall fá leith-mhíle do'n tobar. “Teampall Ráithche”, a bheirtear air. Tá na ballógaí ann go foíl, agus tá an mhór-chuid den teampall le feiceál. Níl díon ná doirse air, acht is beag nach bhfuil obair na gcloch uilig ann. Níl aon teampall eile comhgarach do Eas Fionáin, ach amháin an teampall luaidhte thuas atá amach as usáid. Tá teampall Protustúnaigh atá fosgailte go fóill leath mhíle eile ón tobar. Teampall Ráithche atá mar(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Peigí Ní Dhuirnín
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- An Fál Carrach, Co. Donegal