School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 138
- XML “Turas Naofa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)( Ar leanamhaint)n-aghaidh gach uile.
7. Caithfidh an té atá ag deanamh an turais a bheith costárnocht. ba chóir dó amach thart go bhfeicfeadh sé cia atá ag amharc ar Ard Fíonáin. 'Nois caithfidh sé é féin a choisriceadh.
5 Paidir agus 5 Abhe Márie agus An Cré a rádh. Caithfidh sé a dhul síos ón árd go gainimh na trágha thíos faoi agus a aghaidh a thabhairt ar na creagachaibh agus na paidreacha céadna a rádh ar a ghlúnaibh. Caithfidh sé eirghe anois agus a aghaidh a thabhairt ar uisce na fairrge agus na paidreacha ceadna a rádh. I g-comhnuidhe ar a ghlúnaibh atá sé ag urnaighe dó. Caithfidh sé eirghe anois agus a chosa agus a lámha a nigheadh ins an tsáile. Annsin caithfidh sé dhul suas go d-tí an áit a bhfuil an t-uisce ag sileadh anuas de'n bheinn, agus leigint do'n uisce tuitim anuas i mullach a chinn air. Dheanfaidh sé seo trí h-uaire agus gach am déarfaidh sé Páidir agus Abhe Márie amháin.
Rachaidh sé ar a ghlúnaibh anois agus déarfaidh sé 5 Páidir agus 5 Abhe Márie ag amharc isteach ar an talamh sé sin tá a chúl leis an fhairrge, agus a aghaidh ar an uisce atá ag sileadh anuas leis an bheinn[?]. Ar seo a bheith deanta dó eireochaidh sé agus(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Peigí Ní Dhuirnín
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- An Fál Carrach, Co. Donegal