School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 139

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 139

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 139
  3. XML “Turas Naofa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ar leanamhaint.
    Bheirfidh sé a aghaidh ar an fhairrge, agus déarfaidh sé 5 paidir, 5 Abhe Márie agus an Chré i n-onóir Naoimh Fionáin agus na Naoimh uilig a bhí ins an bhád leis.
    Eireochaidh sé agus rachaidh sé ar a ghlúnaibh ar ais agus a aghaidh ar an talamh agus piocfaidh sé suas deich g-cinn de mhéarógaibh. Déarfaidh sé Páidir agus Abhe Márie os coinne gach chloch ata aige de na deich g-cinn. Caithfidh sé uaidh an deicheamhadh cloch thar a ghualainn dheis i n-éadan gach cineál uilc. Tiocfaidh sé aníos anois go d-tí an talamh árd a bhfuil an tobar ann agus na naoi méaróg eile leis agus téidheann sé ar a ghlúnaibh ar an bhruaich agus é ag amharc amach ar an fhairrge bealach Oileáin Thoraighe, agus é ag rádh 5 Páidir, 5 Abhé Márie agus an Chré, Eireochaidh sé agus rachaidh sé thart ar an tobar agus caithfidh sé cloch uaidh ag rádh Paidir agus Abhe Márie gach uair a théidheann sé thart an turas. Dheanfaidh sé seo trí hauire: nuair atá an 3 adh[?] méaróg caithte uaidh aige rachaidh sé ar a ghlúinaibh agus déárfaidh sé 5 Páidir, 5 Abhe Márie agus an Chré. Déanfaidh sé seo trí h-uaire go dtí go mbéidh an 9adh méaróg caithte ar shiubhal aige, agus annsin críochnochaidh sé le 5 Paidir , 5 Abhe Márie agus an Chré.
    Anois tógfaidh sé nó líonfaidh sé buidéal uisce ó'n uisce ag sileadh anuas leis an bheinn, agus déarfaidh sé 5 Paidir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Peigí Ní Dhuirnín
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    An Fál Carrach, Co. Donegal